Cónascadh comhlachtaí dearbhaithe cáilíochtaí agus ardchaighdeáin [DES P.R.]

D'fhoilsigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O'Keeffe, TD, páipéar comhairlithe inniu faoi chur i bhfeidhm chónascadh comhlachtaí dearbhaithe cáilíochtaí agus ardchaighdeáin.

Tá foilsiú an pháipéir chomhairlithe ag teacht i ndiaidh an fhógra i mBuiséad 2009 faoi chónascadh Údaráis Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, agus Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, leis an gcomhlacht nua atá ag glacadh freagrachta chomh maith as an bhfeidhm sheachtrach dearbhaithe ardchaighdeáin atá ag na hollscoileanna.

Ag eascairt chomh maith as fógraí an bhuiséid, sainaithníonn an páipéar comhairlithe roinnt áirithe feidhmeanna gaolmhara de chuid Ollscoil Náisiúnta na hÉireann a fhéadfaí iad a aistriú go dtí an eagraíocht nua.

An scéal iomlán: http://www.education.ie/

 

IPPN Sponsors

 

allianz_sm