Lá Eorpach na dTeangacha [Léargas]

Duais Eorpach na dTeangacha - an Lipéad Teanga 2009 agus Foghlaimeoirí Teanga na Bliana
Mar cheiliúradh c bronnadh Duais Eorpach na dTeangacha, is é sin, an Lipéad Teanga le haghaidh slite nuálaíocha múinte agus foghlama teanga, ar 11 cheann de thionscadail Éireannacha. Ba é an tOllamh David Crystal, scríbhneoir, eagarthóir, léachtóir agus craoltóir, a bhronn an Lipéad Teanga orthu ag an searmanas ceiliúrtha i Farmleigh i mBaile Átha Cliath inniu.

Dúirt an Dr Muiris Ó Laoire, Cathaoirleach Giúiré Náisiúnta na hÉireann, go bhfuil 'raidhse eolais agus ábhar (modhanna agus straitéisí múinte is foghlama san áireamh) curtha ar fáil ag buaiteoirí an Lipéid d'fhoghlaimeoirí agus do theagascóirí araon.' Spreagann tionscadail na mbuaiteoirí an foghlaimeoir ar shlí éifeachtach tháirgiúil chun tabhairt faoi shealbhú na sprioctheanga agus chun dearcaí dearfacha sochtheangeolaíochta chomh maith le húsáid teanga a chur chun cinn i measc an phobail.

An Scéal Iomláin: http://www.leargas.ie

 

IPPN Sponsors

 

allianz_sm