Foghlaim Gaeilge ar an iPhone [Gaeilge.ie]
- Published: 04 October 2009
Seolann Maithú Aistritheoir Gaeilge 'Get the Focal' i siopa feidhmchlár iPhone
Cén Ghaeilge ar "handy"? Aimsigh an focal agus ansin foghlaim conas é a fhuaimniú i gcúpla soicind le 'Get the Focal', atá ar fáil anois ar do iPhone nó iPod Touch.
San fheidhmchlár 'Get the Focal' ar an iPhone tá breis is 13,000 aistriúchán agus nasc leis an bhfuaimniú ceart as Gaeilge. Tá an bunachar sonraí d'aistriúcháin stóráilte san fheidhmchlár agus mar sin aistríonn sé láithreach gan aon ghá ceangal leis an Idirlíon. Tá sé gasta, beacht agus is féidir é a úsáid chun aiste Ghaeilge a dhéanamh, ailt a léamh as Gaeilge, nó cúpla focal a chur isteach sa chaint anois is arís. Nó má tá focal fánach éigin uait, ní gá ach an fón a chroitheadh agus tiocfaidh sé aníos.
Scéal Iomláin: http://www.irish.ie/