Teimpléid le haghaidh cártaí tuairisce [ncca.ie]

Tuairisciú do thuismitheoirí: Teimpléid le haghaidh cártaí tuairisce

Teimpléid le haghaidh cártaí tuairisce

Is féidir le scoileanna a rogha a bhaint as naoi leagan éagsúil de chártaí tuairisce, chun faisnéis a thabhairt do thuismitheoirí ar dhul chun cinn a leanaí. Is ó thaobh leagan amach de atá na cártaí tuairisce éagsúil óna chéile, tá an t-ábhar céanna iontu ar fad. Tá ceithre phríomhréimse chun dul chun cinn agus gnóthachtáil páistí a thuairisciú i ngach ceann de na naoi dteimpléad le haghaidh Cártaí Tuairisce. Is iad na príomhréimsí sin ná:

  • léargais ar mheon(ta) foghlama an pháiste a roinnt
  • machnamh ar fhorbairt shóisialta agus phearsanta an pháiste
  • tuairisiciú ar fhoghlaim an pháiste trasna an churaclaim
  • príomhról tuismitheoirí i dtacú le foghlaim an pháiste a aithint.


Tá na teimpléid curtha i láthair anseo i gcaoi ar féidir iad a phriontáil agus a fhótachóipeáil, nó iad a líonadh go leictreonach agus ansin a phriontáil.

Féadfaidh tú Treoir Úsáide a íoslódáil chun cabhrú leat na teimpléid a phriontáil/a fhótachóipeáil.

Féadfaidh tú Treoir Úsáide eile a íoslódáil chun cabhrú leat na teimpléid a líonadh go leictreonach.

Teimpléid Chártaí Tuairisce
Teimpléad 1
Teimpléad 2
Teimpléad 3
Teimpléad 4
Teimpléad 5
Teimpléad 6
Teimpléad 7
Teimpléad 8
Teimpléad 9

* Seo an rogha d'amharc scáileáin **Neamhoiriúnach d'amharc scáileáin

Le cois na dteimpléad, tá na bileoga thíos ar fáil le híoslódáil:

Teimpléid Chártaí Tuairisce - eolas do scoileanna

Teimpléid Chártaí Tuairisce - eolas do thuismitheoirí

Teimpléid Chártaí Tuairisce - eolas do thuismitheoirí :Francais (Fraincis)

Teimpléid Chártaí Tuairisce - eolas do thuismitheoirí: Polski (Polainnis)

Teimpléid Chártaí Tuairisce - eolas do thuismitheoirí: Lietuvi (Liotuáinis)

Cúlra

Cheap an CNCM roinnt dréacht-Teimpléid le haghaidh Cártaí Tuairisce mar fhreagairt ar iarratais ó mhúinteoirí ar eolas agus ar chomhairle faoi dhul chun cinn páistí ar scoil a thuairisciú do thuismitheoirí (Primary Curriculum Review, Phase 1, 2005). Bhí páipéar cúlra i leith Reporting Children's Progress in Primary Schools (NCCA, 2006) mar bhonn eolais le ceapadh na dteimpléad.

Sa pháipéar seo bhí foramharc ar threochtaí agus ar fhorbairtí maidir le beartais agus cleachtais tuairiscithe idirnáisiúnta. Thug sé srac-chuntas ar chórais dhifriúla atá ann chun dul chun cinn páistí a thuairisciú agus d'aibhsigh sé an ról tábhachtach atá ag tuismitheoirí maidir le foghlaim a gcuid páistí ar scoil a thacú, a athneartú agus a leathnú.


Chríochnaigh an CNCM tionscnamh forbraíochta scoilbhunaithe maidir le tuairisciú do thuismitheoirí le linn na scoilbhliana 2006/07. Bhí príomhoidí, múinteoirí agus tuismitheoirí i gcúig bhraisle scoileanna ar fud na tíre páirteach sa tionscnamh sin. Sampla ionadaíoch ab ea na scoileanna de chineálacha éagsúla scoileanna i mbunoideachas na hÉireann.

Bhain gach scoil triail as dréacht-Teimpléad le haghsidh Cárta Tuairisce amháin nó níos mó i bhfíoram sa seomra ranga agus chuir tuairisc maidir leis chuig an gCNCM. Baineadh úsáid as an eolas seo ó scoileanna chun teimpléid leasaithe a cheapadh - chun go mbeidís níos úsáidí, níos intuigthe agus níos sobhainistithe do scoileanna, agus chun acmhainní a aithint a theastódh chun tacú lena n-úsáid sna scoileanna.

Tá an tuarascáil dheiridh faoin tionscnamh ar fail sna doiciméid thíos. Mar thacaíocht don obair choimisiúnaigh an CNCM taighde ar chleachtas bhunscoileanna i leith thuairisciú do thuismitheoirí. An tOllamh Kahty Hall agus foireann ó Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, a rinne an taighde seo, agus tá an tuarascáil le híoslódáil thíos.

 

IPPN Sponsors

 

allianz_sm